Tá Uisce Éireann ag iarraidh aiseolais uait ar an Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní, agus ar an Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (SEA), ar an Tuarascáil Timpeallachta agus ar Ráiteas Tionchair Natura (NIS) a ghabhann léi.
Beidh an comhairliúchán poiblí ar oscailt go dtí Dé Máirt an 21 Iúil 2026.
Tabhair cuairt ar ár n-ardán comhairliúcháin chun aighneacht a dhéanamh.
Is doiciméad í an Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní ina leagtar amach cur chuige straitéiseach, fadtéarma Uisce Éireann maidir le sloda fuíolluisce agus bithacmhainní a bhainistiú. Áirítear ceithre chuspóir straitéiseacha sa doiciméad mar aon leis an dóigh a bhfuil sé beartaithe againn iad a bhaint amach.
Teastaíonn bainistíocht inbhuanaithe agus éifeachtúil sloda fuíolluisce agus bithacmhainní chun an méid a leanas a dhéanamh:
Tacaíocht a thabhairt dár ndaonra atá ag fás agus dár ngeilleagar
Sláinte dhaonna agus ár dtimpeallacht a chosaint, agus
Cur le geilleagar ciorclach agus le huaillmhianta maidir le neodracht ó thaobh carbóin de.
Sa Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní déantar machnamh ar ár riachtanais amach anseo agus sainaithnítear riachtanais um infheistíocht chaipitiúil ar feadh na 25 bliana le teacht i gcomhthéacs na ndeiseanna agus na ndúshlán araon is dócha a bheidh amach romhainn.
Comhairliúchán Poiblí
Táimid ag iarraidh aiseolais ar an Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní, agus ar an Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (SEA), ar an Tuarascáil Timpeallachta agus ar Ráiteas Tionchair Natura (NIS) a ghabhann léi.
Tugaimid cuireadh duit aighneas a chur faoi bhráid an gcomhairliúcháin poiblí trí cliceáil ar an chnoipe "Déan Aighneacht" ar lárshuíomh comhairliúchain Uisce Éireann,
nó i scríbhinn chugainn chuig An Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní, F/Ch. Tetra Tech Ireland, Campas Gnó na Cé Thiar, Seanbhóthar Dhún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath, A92 N6T7
Ceist 1 - Ag Féachaint ar Aghaidh
I gCuid 2, rinneamar príomhdhúshláin a shainaithint atá tuartha againn de réir mar a dhéanfaimid fotháirgí sloda fuíolluisce a chóireáil, a aisghabháil agus a athúsáid ar bhonn inbhuanaithe sa todhchaí.
Áirítear leo sin na dúshláin fhoriomlána atá roimh Uisce Éireann, amhail athrú aeráide, daonra atá ag dul i méid agus an geilleagar, géarchéimeanna comhshaoil agus bithéagsúlachta, bonneagar atá ag dul in aois, reachtaíocht, agus dálaí eacnamaíocha.
Áirítear leo freisin dúshláin a bhaineann go sainiúil le sloda fuíolluisce agus bithacmhainní amhail athruithe reachtaíochta agus rialála, uaillmhianta maidir le hinbhuanaitheacht, stóráil, lóistíocht iompair, truailleáin atá ag teacht chun cinn, agus sonraí agus tuairisciú.
An bhfuil tuairimí ar bith agat faoi na dúshláin atá sainaitheanta agus an bhfuil dúshláin eile ann atá le cur san áireamh?
Ceist 2 - Cuspóirí
I gCuid 3, cuirimid ceithre chuspóir straitéiseacha i láthair a bhfuiltear ag iarraidh iad a bhaint amach leis an Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní:
Cuspóir straitéiseach 1: Bainistíocht inbhuanaithe sloda fuíolluisce agus bithacmhainní.
Cuspóir straitéiseach 2: Ár dtimpeallacht a chosaint agus a athchóiriú.
Cuspóir straitéiseach 3: Tacaíocht a thabhairt dár bpobail, d’fhás, agus don bhithgheilleagar.
Cuspóir straitéiseach 4: Ionaid sloda fuíolluisce agus bithacmhainní a oibriú ar bhonn éifeachtúil.
An bhfuil tuairimí agat faoi na cuspóirí straitéiseacha agus faoi na haidhmeanna agus gníomhaíochtaí gaolmhara?
Ceist 3 - Réitigh
I gCodanna 6 go 12 den dréacht-straitéis, déanaimid iniúchadh ar phróisis agus ar theicneolaíochtaí cóireála, déanaimid riachtanais iompair agus bonneagair a shainaithint, agus déanaimid measúnú ar réitigh athúsáide agus aisghabhála.
An bhfuil tuairimí agat faoi na réitigh a sainaithníodh agus an bhfuil réitigh eile ann gur mhaith leat go gcuirfí iad san áireamh?
Ceist 4- Tuarascálacha SEA & NIS
An bhfuil barúlacha ar bith agat faoin Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (SEA), faoin Tuarascáil Timpeallachta agus faoi Ráiteas Tionchair Natura (NIS) a ghabhann leis an Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní?
Seimineár Gréasáin
Beidh seimineár gréasáin faisnéise poiblí ar siúl ag 12:00in an 23 Meitheamh 2026 nuair a thabharfaidh foireann an tionscadail forbhreathnú ar an Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní, ar na measúnuithe timpeallachta agus ar an bpróiseas comhairliúcháin. Beidh foireann an tionscadail ar fáil freisin chun ceisteanna ar bith a d’fhéadfadh a bheith agat a fhreagairt.
An Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní
Primary tabs
Tá Uisce Éireann ag iarraidh aiseolais uait ar an Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní, agus ar an Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (SEA), ar an Tuarascáil Timpeallachta agus ar Ráiteas Tionchair Natura (NIS) a ghabhann léi.
Beidh an comhairliúchán poiblí ar oscailt go dtí Dé Máirt an 21 Iúil 2026.
Tabhair cuairt ar ár n-ardán comhairliúcháin chun aighneacht a dhéanamh.
Is doiciméad í an Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní ina leagtar amach cur chuige straitéiseach, fadtéarma Uisce Éireann maidir le sloda fuíolluisce agus bithacmhainní a bhainistiú. Áirítear ceithre chuspóir straitéiseacha sa doiciméad mar aon leis an dóigh a bhfuil sé beartaithe againn iad a bhaint amach.
Teastaíonn bainistíocht inbhuanaithe agus éifeachtúil sloda fuíolluisce agus bithacmhainní chun an méid a leanas a dhéanamh:
Sa Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní déantar machnamh ar ár riachtanais amach anseo agus sainaithnítear riachtanais um infheistíocht chaipitiúil ar feadh na 25 bliana le teacht i gcomhthéacs na ndeiseanna agus na ndúshlán araon is dócha a bheidh amach romhainn.
Comhairliúchán Poiblí
Táimid ag iarraidh aiseolais ar an Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní, agus ar an Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (SEA), ar an Tuarascáil Timpeallachta agus ar Ráiteas Tionchair Natura (NIS) a ghabhann léi.
Tugaimid cuireadh duit aighneas a chur faoi bhráid an gcomhairliúcháin poiblí trí cliceáil ar an chnoipe "Déan Aighneacht" ar lárshuíomh comhairliúchain Uisce Éireann,
nó seol ríomhphost chuig nbios@water.ie
nó i scríbhinn chugainn chuig An Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní, F/Ch. Tetra Tech Ireland, Campas Gnó na Cé Thiar, Seanbhóthar Dhún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath, A92 N6T7
Ceist 1 - Ag Féachaint ar Aghaidh
I gCuid 2, rinneamar príomhdhúshláin a shainaithint atá tuartha againn de réir mar a dhéanfaimid fotháirgí sloda fuíolluisce a chóireáil, a aisghabháil agus a athúsáid ar bhonn inbhuanaithe sa todhchaí.
Áirítear leo sin na dúshláin fhoriomlána atá roimh Uisce Éireann, amhail athrú aeráide, daonra atá ag dul i méid agus an geilleagar, géarchéimeanna comhshaoil agus bithéagsúlachta, bonneagar atá ag dul in aois, reachtaíocht, agus dálaí eacnamaíocha.
Áirítear leo freisin dúshláin a bhaineann go sainiúil le sloda fuíolluisce agus bithacmhainní amhail athruithe reachtaíochta agus rialála, uaillmhianta maidir le hinbhuanaitheacht, stóráil, lóistíocht iompair, truailleáin atá ag teacht chun cinn, agus sonraí agus tuairisciú.
An bhfuil tuairimí ar bith agat faoi na dúshláin atá sainaitheanta agus an bhfuil dúshláin eile ann atá le cur san áireamh?
Ceist 2 - Cuspóirí
I gCuid 3, cuirimid ceithre chuspóir straitéiseacha i láthair a bhfuiltear ag iarraidh iad a bhaint amach leis an Straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní:
Cuspóir straitéiseach 1: Bainistíocht inbhuanaithe sloda fuíolluisce agus bithacmhainní.
Cuspóir straitéiseach 2: Ár dtimpeallacht a chosaint agus a athchóiriú.
Cuspóir straitéiseach 3: Tacaíocht a thabhairt dár bpobail, d’fhás, agus don bhithgheilleagar.
Cuspóir straitéiseach 4: Ionaid sloda fuíolluisce agus bithacmhainní a oibriú ar bhonn éifeachtúil.
An bhfuil tuairimí agat faoi na cuspóirí straitéiseacha agus faoi na haidhmeanna agus gníomhaíochtaí gaolmhara?
Ceist 3 - Réitigh
I gCodanna 6 go 12 den dréacht-straitéis, déanaimid iniúchadh ar phróisis agus ar theicneolaíochtaí cóireála, déanaimid riachtanais iompair agus bonneagair a shainaithint, agus déanaimid measúnú ar réitigh athúsáide agus aisghabhála.
An bhfuil tuairimí agat faoi na réitigh a sainaithníodh agus an bhfuil réitigh eile ann gur mhaith leat go gcuirfí iad san áireamh?
Ceist 4- Tuarascálacha SEA & NIS
An bhfuil barúlacha ar bith agat faoin Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (SEA), faoin Tuarascáil Timpeallachta agus faoi Ráiteas Tionchair Natura (NIS) a ghabhann leis an Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní?
Seimineár Gréasáin
Beidh seimineár gréasáin faisnéise poiblí ar siúl ag 12:00in an 23 Meitheamh 2026 nuair a thabharfaidh foireann an tionscadail forbhreathnú ar an Dréacht-straitéis Náisiúnta um Bithacmhainní, ar na measúnuithe timpeallachta agus ar an bpróiseas comhairliúcháin. Beidh foireann an tionscadail ar fáil freisin chun ceisteanna ar bith a d’fhéadfadh a bheith agat a fhreagairt.
Chun clárú don seimineár gréasáin, comhlánaigh an fhoirm seo[RC3] nó seol ríomhphost chugainn ag nbios@water.ie
Roinn
Aighneachtaí
Téamaí
Ábhair